Do chuntas
Bainistíonn Uisce Éireann gach gné de chuntais uisce gnó in Éirinn, lena n-áirítear billeáil.
Cláraigh le haghaidh cuntas ar líne
Nuair a bheidh cuntas ar líne M'Uisce agat, beidh tú in ann;
- Iarmhéid do chuntais a sheiceáil
- Breathnú ar do bhillí reatha agus roimhe seo
- Do bhillí a íoc ar líne
- Do chuntas a bhainistiú
A bhfuil ag teastáil uait chun clárú
Beidh do UTPU agus d'uimhir chuntais ag teastáil uait. Is féidir leat iad sin a fháil sa chúinne ag barr do bhille uisce ar dheis.
Conas is féidir leat clárú
Cuir glaoch ar ár bhFoireann Gnó ar 0818 778 778 / Idirnáisiúnta +353 1 707 2827. Línte ar oscailt ó Luan go hAoine, ó 9rn go 5:30in..
Bogadh go háitreabh eile
Má tá do ghnólacht ag aistriú go háitreabh eile nó as áitreabh, tá sé tábhachtach dul i dteagmháil linn. Ansin, beimid in ann cuntas nua a oscailt duit nó an cuntas atá agat cheana féin a uasdátú.
Sonraí a bheidh ag teastáil
- Ainm
- An seoladh a bhfuil tú ag bogadh isteach ann/amach as
- Sonraí teagmhála gnó
- Uimhir chuntais Uisce Éireann
Léamh méadair
Má tá méadar san áitreabh, tá léamh méadair ag teastáil uainn don dáta a bhfuil seirbhísí uisce le haistriú. Mura féidir leat an méadar a léamh, úsáidfimid léamh méadar measta chun do chuntas a oscailt, a uasdátú nó a dhúnadh.