Skip to main content

Comhairliúchán Poiblí ar Dhréacht-PSSU 2050

Sa dréachtphlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 (PSSU 2050), leagtar amach ár gcuspóirí agus na bealaí ina bhfuil sé mar aidhm againn iad a bhaint amach i gcomhthéacs na ndúshlán suntasach is dócha a bheidh romhainn sna 25 bliana atá romhainn.

Soláthraíonn Uisce Éireann, mar sholáthraí náisiúnta seirbhísí uisce poiblí na hÉireann, 1.7 billiún lítear uisce óil dár gcustaiméirí gach lá agus bailíonn agus cóireálann sé níos mó ná 1.2 billiún lítear fuíolluisce sula gcuirimid ar ais go sábháilte sa timpeallacht é.

Tá sé ríthábhachtach dár sochaí go ndéantar seirbhísí uisce sábháilte, slán agus inbhuanaithe a sholáthar, lena dtacaítear le sláinte an phobail, lena dtacaítear le seachadadh tithíocht agus post agus lena gcosnaítear ár dtimpeallacht agus ár gcuid acmhainní luachmhara uisce. 

An dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050

Cuireann dréacht-PSSU 2050 ár gcuspóirí straitéiseacha i láthair go dtí an bhliain 2050, ag teacht lenár bhfís. Tugtar achoimre leis freisin ar na céimeanna a ghlacfaimid chun obair a dhéanamh i dtreo na cuspóirí sin a bhaint amach sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an bhileog faisnéise ar an gComhairliúchán ar Dhréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050.

Icon

An méid a bheidh ann

Is ceann de shraith pleananna agus doiciméad beartais é an PSSU lena ndéantar seachadadh seirbhísí uisce agus fuíolluisce a threorú in Éirinn. Leagtar amach sa PSSU an creat uileghabhálach le haghaidh pleananna cur chun feidhme níos mionsonraithe ina dhiaidh sin, lena n-áirítear mar shampla an Plean Náisiúnta um Acmhainní Uisce (PNAU).

Icon

Cuir do chuid tuairimí in iúl

Tá an comhairliúchán poiblí ar Dhréachtphlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050, agus ar an dréacht-Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus ar an dréacht-Ráiteas Tionchair Natura dúnta anois. Bhí an comhairliúchán ar siúl ar feadh deich seachtaine ón 21 Bealtaine go dtí an 30 Iúil 2024. Gheobhaimid aiseolas maidir le PSSU 2050 agus na tuarascálacha timpeallachta gaolmhara agus chomh maith leis sin, leis na torthaí ón gcomhairliúchán, tabharfar léargas dúinn ar dhearcthaí i leith seirbhísí uisce poiblí agus fuíolluisce agus ar na dúshláin atá romhainn anois agus a bheidh romhainn amach anseo.

Cad ar a ndearna muid comhairliúchán?

I ndréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 cuirimid na dúshláin i láthair atá romhainn maidir le seirbhísí uisce a sholáthar idir seo agus 2050. Leagaimid amach gníomhaíochtaí chun déileáil leis na dúshláin sin, lena n-áirítear an chaoi ar athraíomar ár gcur chuige maidir le pleanáil fhadtéarmach ionas gur féidir linn aghaidh a thabhairt ar na treochtaí nua atá ag teacht chun cinn i dtodhchaí éiginnte.

Leis an gcomhairliúchán poiblí sin, tugadh deis uathúil duit bheith páirteach le hUisce Éireann i bhforbairt straitéis 25 bliana dár gcuid le haghaidh seirbhísí uisce a sholáthar in Éirinn.

Baé cuspóir an chomhairliúcháin sin teagmháil fhiúntach a dhéanamh lenár bpáirtithe leasmhara go léir, go háirithe iad siúd ag a bhfuil spéis i seirbhísí uisce agus fuíolluisce, chun eolas níos fearr a dhéanamh d’ábhar dhréacht-PSSU 2050. Ba mhian linn freisin tuairimí a bhailiú maidir le cuspóirí straitéiseacha, aidhmeanna, gníomhaíochtaí agus dúshláin UÉ chun an Plean a chur i gcrích.

Cad atá san áireamh leis an PSSU?

Icon

Shainaithníomar 4 chuspóir straitéiseacha i ndréacht-PSSU 2050 chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin atá roimh ár n-eagraíocht agus ar na seirbhísí a chuirfimid ar fáil suas go dtí 2050.

Icon

Tá 14 aidhm straitéiseacha ag gabháil leis na 4 chuspóir straitéiseacha sin a bheidh ina gcuidiú againn chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais infheistíochta is tábhachtaí atá againn, chun freagairt do riachtanais bheartais de réir mar a thagann siad chun cinn agus chun leas a bhaint as deiseanna nua chun ár mbonneagar a athrú ó bhonn.

Icon

I gcomhréir le hAlt 33(4) den Acht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 2), 2013, tá na modhanna atá beartaithe againn chun ár gcuid cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach leagtha amach againn. Cuirtear iad i láthair mar 35 phríomhghníomhaíocht.

Rannpháirteachas sa Chomhairliúchán

Tá an comhairliúchán ar dhréacht-PSSU 2050, ar an dréacht-MST agus ar an dréacht-RTN dúnta anois.

Bhí páirtithe leasmhara in ann leas a bhaint as dá rogha chun cuidiú leo aighneacht a dhéanamh - suirbhé comhairliúcháin agus ceisteanna comhairliúcháin. Ag tús thréimhse an chomhairliúcháin, thionólamar dhá sheimineár gréasáin phoiblí chun deis a thabhairt don phobal níos mó a fháil amach faoi dhréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050. Tá taifead seimineáir ghréasáin den chomhairliúchán ar fáil le breathnú air thíos.

Físeán an Dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050

Déan teagmháil linn

Ríomhphost: wssp@water.ie

Na Chéad Chéimeanna Eile

Nuair a bheidh an comhairliúchán seo críochnaithe, déanfaidh Uisce Éireann athbhreithniú agus plé ar an aiseolas a fuarthas ó na páirtithe leasmhara ar fad. Cuirfear na haighneachtaí agus na tuairimí a gheofar le linn gcomhairliúchán poiblí san áireamh, agus déanfar dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 a nuashonrú agus a curtha isteach lena formheas an Aire.

I ndiaidh Faomhadh an Aire a fháil, glacfar Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 deiridh go luath in 2025, in éineacht le Ráiteas MST agus Cinneadh MC. Tabharfar achoimre i ráiteas MST ar na ceisteanna a ardaíodh agus léireoidh sé na leasuithe a rinneadh ar Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 mar thoradh ar an gcomhairliúchán.

Déanfar athbhreithniú rialta ar an bPlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050, gach cúig bliana, chun a chinntiú go mbeidh sé ábhartha i gcónaí. Cuirfidh na hathbhreithnithe seo ar ár gcumas dul i ngleic le cúinsí de réir mar a thagann athruithe orthu agus dul i ngleic le riachtanais a bhíonn ag athrú i rith an ama.

Déanfar eolas do nuashonruithe ar Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 ag athruithe ar an reachtaíocht a bhaineann le seirbhísí uisce agus ag faisnéis níos fearr, go háirithe faisnéis a bhaineann le feidhmíocht sócmhainní, le déimeagrafaic agus leis an athrú aeráide.