Skip to main content

Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce

Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce

Leis an bPlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce (PSSU) cuirtear cuspóirí Uisce Éireann i láthair do na 25 bliana atá romhainn mar aon leis na bealaí ar a mbainfimid amach iad. Tá sé ar chomhréim leis na ceanglais atá leagtha amach san Acht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 2), 2013. D’fhoilsíomar ár gcéad Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce in 2015 agus anois táimid ag dul i mbun an phróisis chun comhairliúchán a dhéanamh maidir le dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 (PSSU 2050) a chuirfear in ionad an phlean reatha.

Nuair a ghlacfar é beidh PSSU 2050 nua ina dhoiciméad straitéiseach tábhachtach a dhíreofar ar uisce óil sábháilte a sholáthar agus lena gcinnteofar go bhfuil an timpeallacht cosanta ó iarmhairtí sceite fuíolluisce. Cinnteofar leis freisin go bhfuil córais éifeachtúla nua-aimseartha againn a chomhlíonann riachtanais na gcustaiméirí, a chuireann le fás agus forbairt eacnamaíoch, agus a thugann luach ar airgead.

Tá sé de fhreagracht orainne a chinntiú go bhfaigheann ár gcustaiméirí go léir (teaghlaigh agus cuideachtaí) soláthar uisce óil atá sábháilte agus slán agus go mbaileofar a gcuid fuíolluisce, go gcaitear go cuí leis agus go gcuirtear ar ais go sábháilte chuig an gcomhshaol é.

Is staidéar cuimsitheach é Fís Uisce 2050 a rinne Uisce Éireann i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara seachtracha agus le torthaí an staidéir sin cuireadh béim ar chumhacht na fadbhreathnaitheachta maidir le todhchaí uisce na hÉireann a chosaint. Le Tionscadal Fhís Uisce 2050 rinneadh plé ar an dóigh a bhféadfadh spreagthaí móra athruithe amhail an t-athrú aeráide, digitiú agus dúshláin don chomhshaoil dul i bhfeidhm ar an earnáil uisce níos leithne thar am. Le torthaí an tionscadail sin déanfar ár straitéisí agus ár bpleananna amach anseo a threorú lena n-áirítear an dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050. Cliceáil chun féachaint ar thuarascálacha chéim 1 agus chéim 2.

Comhairliúcháin

Icon

Comhairliúchán a hAon

Tá dréacht-PSSU 2050 á fhorbairt tar éis dhá chéim de chomhairliúchán. Rinneadh comhairliúchán tosaigh reachtúil maidir leis an bPáipéar Saincheisteanna, an Tuarascáil Scóipe MST, agus Tuarascáil Scagtha na Measúnachta Cuí i leith dréacht-PSSU 2050 le linn an fhómhair in 2023. Le linn na tréimhse comhairliúcháin, chuaigh Uisce Éireann i dteagmháil go díreach le príomhpháirtithe leasmhara reachtúla agus rialála. Rinneadh an t-aiseolas a fuarthas ar an bPáipéar Saincheisteanna agus ar Thuarascáil Scóipe MST agus ar Thuarascáil Scagtha MC a athbhreithniú agus a chur san áireamh agus sinn ag ullmhú dréacht de PSSU 2050, den Tuarascáil Timpeallachta MST agus den RTN.

Icon

Comhairliúchán a Dó

Mar chuid den dara céim den chomhairliúchán, chuir Uisce Éireann fáilte roimh aighneachtaí maidir le Dréachtphlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 in éineacht le Tuarascáil Comhshaoil MST agus Ráiteas Tionchair Natura (próiseas MC). Mhair an babhta sin den chomhairliúchán deich seachtaine ón 21 Bealtaine go dtí an 30 Iúil 2024. Chun tuiscint níos mó a fháil ar dhréacht-PSSU 2050 agus ar an méid a bhfuil comhairliúchán á dhéanamh againn ina leith tabhair cuairt ar an leathanach comhairliúcháin. Chun teagmháil a dhéanamh le foireann PSSU bain úsáid as an seoladh ríomhphoist.

Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2015

Rinne an tAire an PSSU reatha a formheas in 2015 agus cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2015 go 2040. Táimid ag obair i dtreo an chéad PSSU eile a fhorbairt a chumhdóidh an tréimhse ó 2025 go 2050 leis an aidhm formheas an Aire a fháil faoi dheireadh 2024. Chun cáipéisí an PSSU 2015 a fheiceáil, féach thíos.