Foláireamh Maidir le hUisce a Bheiriú
Faigh níos mó amach faoi Fhógraí Fiuchta Uisce agus cad ba cheart duit a dhéanamh má sheoltar ceann acu chugat.
Insítear duit le Fógra Fiuchta Uisce nach bhfuil sé sábháilte uisce a ól ó do sconna. Sula n-ólfaidh tú é, ní mór duit é a fhiuchadh agus a fhuarú.
Na nuashonruithe is déanaí
Seiceáil chun a fháil amach má bhaineann Fógra Fiuchta Uisce le do sholáthar uisce. Cuardaigh nuashonruithe áitiúla
Cathain a eisímid Fógra Fiuchta Uisce
Déanaimid monatóireacht agus tástáil go rialta ar sholáthairtí uisce uile. Má aimsímid baictéir dhíobhálacha nó pataiginí i samplaí uisce, ansin déanaimid na nithe a leanas:
- Téimid i gcomhairle le Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS), údarás sláinte poiblí na hÉireann
- Insímid do chustaiméirí atá buailte más é an cás tar éis dúinn dul i gcomhairle leis an FSS go bhfuil riosca ann do shláinte an phobail
- Cuirimid Fógra Fiuchta Uisce nó Fógra Ná hÓltar ar an soláthar uisce
- Cuirimid an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) ar an eolas
- Déanaimid iniúchadh ar chúis na faidhbe agus déanaimid í a réiteach
D'fhonn sláinte an phobail a chosaint, uaireanta eisímid fógra sula ndearbhaítear an riosca le torthaí na tástála. Mar shampla, má theipeann ar chóras díghalraithe nó má dhéantar foinse uisce a thruailliú.
Cathain uisce fiuchta agus fuaraithe a úsáid
- Deochanna a ól atá déantar as uisce agus as uisce scagtha
- D'fhiacla a scuabadh nó uisce chun do scornach a fholcadh
- Chun oighear a dhéanamh (caith uait na ciúbanna oighir atá ann cheana)
- Bianna a ullmhú nach ndéanann tú iad a chócaráil, amhail sailéid nó torthaí
- Deochanna a thabhairt do pheataí
Cathain a bhíonn sé ceart go leor chun uisce as an sconna a úsáid
-
Cithfholcadh a ghlacadh
-
Folcadh
-
An leithreas a shruthlú.
Páistí agus naíonáin
Conas cúram a thabhairt do pháistí agus do bhabaithe linn Fógra fiuchta uisce.
Folcadh
Cinntigh nach n-ólann nó nach slogann babaithe nó páistí an t-uisce folctha dá gcuid. B'fhéidir nár mhiste leat folcadh spúinse a thabhairt dóibh agus Fógra fiuchta uisce i bhfeidhm
Bainne foirmle agus cothú babaithe
Comhairle ón FSS:
Is féidir leat foirmle naíonáin a ullmhú le linn Fógra fiuchta uisce agus na nithe a leanas á úsáid:
- uisce ón sconna atá fiuchta agat le haghaidh 1 nóiméad agus atá fuaraithe agat
- uisce buidéil atá fiuchta agat le haghaidh 1 nóiméad agus atá fuaraithe agat
- foirmle réidh le húsáid nach gá uisce breise a chur inti
- déan buidéil babaithe a steiriliú i gcónaí agus ná nigh iad le huisce ón sconna
D'fhéadfadh ardleibhéil mianraí a bheith in uisce mianraí nádúrtha, agus sóidiam san áireamh. Mura féidir leat uisce eile a aimsiú, úsáid uisce mianraí nádúrtha chun do bhabaí a choinneáil hiodráitithe. Ach ná húsáid é ach le tréimhse ghairid, áfach, más féidir.
Gnólachtaí bia
Tá treoir ag an FSS do ghnólachtaí bia maidir le gléasanna tráchtála a úsáid le linn Fógra fiuchta uisce. Ní bhaineann an treoir sin ach le gnólachtaí bia, amhail caiféanna agus bialanna. Ní bhaineann sí le bailte príobháideacha. Má tá ceisteanna agat faoin treoir, déan teagmháil le do rannán Sláinte Comhshaoil den FSS.
Uisce d'ainmhithe
Peataí
Seachain uisce ón sconna a thabhairt do do pheata agus Fógra fiuchta uisce i bhfeidhm. Má tá ceist agat, labhair le do thréidlia áitiúil.
Beostoc
Cuirimid Fógraí fiuchta uisce i bhfeidhm chun sláinte daoine a chosaint. Bíonn ainmhithe amuigh, amhail capaill agus eallach, neamhchosanta ar leibhéil níos airde baictéar ná mar a bhíonn daoine. Labhair le do thréidlia má tá imní ort faoi ainmhithe ag ól uisce le linn Fógra fiuchta uisce.
Custaiméirí ag a bhfuil buarthaí sláinte
Ba cheart do chustaiméirí ag a bhfuil riochtaí sláinte óna dteastaíonn soláthar sábháilte clárú le hUisce Éireann mar chustaiméir leochaileach. Déanfaidh Uisce Éireann teagmháil go díreach le custaiméirí leochaileacha cláraithe ar an toirt má ghearrtar Fógra fiuchta uisce nó Fógra Ná hÓltar.
Má tá buarthaí agat faoi shláinte, tá sé níos fearr labhairt le do dhochtúir.