Fógraí Ná hÓl
Faigh níos mó amach faoi Fhógraí Ná hÓl Uisce agus cad ba cheart duit a dhéanamh má sheoltar ceann acu chugat.
Insítear duit san fhógra Ná hÓl go bhfuil an soláthar uisce truaillithe. Ní bheidh an t-uisce seo sábháilte le hól má dhéantar é a fhiuchadh.
Nuair a eisímid fógra Ná hÓl.
Déanaimid monatóireacht agus tástáil go rialta ar sholáthairtí uisce uile. Má thagaimid ar éilleán díobhálach i samplaí uisce nach féidir a bhaint trí uisce a fhiuchadh, déanaimid na rudaí seo a leanas:
- Téimid i gcomhairle le Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte
- Cuirimid custaiméirí a mbaineann sé leo ar an eolas má mheasann an FSS go bhfuil riosca do shláinte poiblí..
- Cuirimid Fógra Ná hÓl ar an soláthar uisce.
- Cuirimid an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) ar an eolas
- Déantar iniúchadh ar chúis na faidhbe agus déantar í a réiteach.
D'fhonn sláinte an phobail a chosaint, uaireanta eisímid fógra sula ndearbhaítear an riosca le torthaí na tástála. Déanaimid é seo má theip ar an bpróiseas cóireála, nó má tá foinse uisce truaillithe.
Daoine lena mbaineann
Bain úsáid as foinse uisce éagsúil nuair:
- atáthar ag ól uisce, lena n-áirítear uisce scagtha nó deochanna a dhéantar as uisce
- na fiacla á scuabadh nó uisce chun do scornach a fholcadh
- Chun oighear a dhéanamh (caith uait na ciúbanna oighir atá ann cheana)
- Bianna a ullmhú nach ndéantar iad a chócaráil, amhail sailéid nó torthaí
- uisce óil á thabhairt do pheataí
Cathain a bhíonn sé ceart go leor chun uisce as an sconna a úsáid
Is féidir leanúint ar aghaidh le huisce an sconna a úsáid nuair a dhéantar na rudaí seo a leanas:
- cith a thógáil
- folcadh a bheith agat
- An leithreas a shruthlú
Fógra ná húsáid ar chúis ar bith
Má dtugtar an fógra seo duit, ní féidir uisce an sconna a úsáid ar aon chúis. Ná bain úsáid as uisce an sconna le haghaidh óil, folcadh, ceathanna, fiacla a scuabadh, bia a ullmhú ná leithris a shruthlú
soláthair uisce tancaer nó buidéalaithe
Le linn fógra Ná hÓl, déanaimid uisce a sholáthar d'ár gcustaiméirí trí:
- tancaeir uisce curtha i bhfeidhm i limistéir phoiblí
- córas bailiúcháin uisce buidéalaithe
Caithfear uisce a fhiuchadh agus a fhuarú ó thancaeir uisce roimh uisce a ól nó é a úsáid chun bia a ullmhú.
Custaiméirí ag a bhfuil buarthaí sláinte
Má tá tú ag maireachtáil le riocht sláinte agus tá soláthar uisce de dhíth ort, cláraigh mar chustaiméir leochaileach. Rachaimid i dteagmháil leat má eisímid Fógra Fiuchta Uisce nó Fógra Ná hÓl i do cheantar. Má tá buarthaí eile agat faoi shláinte, labhair le do dhochtúir.
Páistí agus naíonáin
Conas aire a thabhairt do leanaí agus naíonáin le linn fógra Ná hÓl.
Folcadh
Cinntigh nach n-ólann nó nach slogann babaithe nó leanaí an t-uisce ón bhfolcadán B'fhéidir nár mhiste leat folcadh spúinse a thabhairt dóibh agus Fógra Ná hÓl i bhfeidhm.
Bainne foirmle agus cothú babaithe
Comhairle ón FSS:
Ní féidir uisce an sconna a úsáid chun foirmle naíonáin nó cothú a ullmhú le linn fógra Ná hÓl.
Is féidir leat foirmle naíonáin a ullmhú le linn Fógra fiuchta uisce agus na nithe a leanas á úsáid:
- uisce buidéil atá fiuchta agat le haghaidh 1 nóiméad agus atá fuaraithe agat
- uisce buidéil atá fiuchta agat le haghaidh 1 nóiméad agus atá fuaraithe agat
- foirmle réidh le húsáid nach gá uisce breise a chur inti
- buidéil steiriúil nár glanadh le uisce an sconna
D'fhéadfadh ardleibhéil mianraí a bheith in uisce mianraí nádúrtha, agus sóidiam san áireamh. Mura féidir leat uisce eile a aimsiú, úsáid uisce mianraí nádúrtha chun do bhabaí a choinneáil hiodráitithe. Ach ná húsáid é ach le tréimhse ghairid, áfach, más féidir.
Gnólachtaí bia
Ná déan na rudaí seo a leanas le linn Fhógra Ná hÓl:
- ná hullmhaigh deochanna ó mheaisíní ag úsáid uisce an sconna, amhail meaisíní caife
- Is féidir gléasanna glantacháin a úsáid a bhaineann úsáid as príomhlíonraí uisce amhail miasniteoirí, seachas má deir an fógra Ná hÓl gan é sin a dhéanamh.
- Téigh i dteagmháil leis an gcuid de shuíomh gréasáin an FSS a bhaineann le Sláinte Comhshaoil le do chuid ceisteanna.
Beostoc agus capaill
Cuirimid Fógraí Ná hÓl i bhfeidhm chun sláinte daoine a chosaint. Labhair le do thréidlia má tá imní ort faoi ainmhithe amhail beostoc agus capaill, ag ól uisce le linn Fógra Ná hÓl. Molaimid uisce buidéalaithe a thabhairt do pheataí nó ó fhoinsí eile go dtí go n-ardófar an fógra.